Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

17 May 2011

Litir Oscailte chuig Banríon Shasana

Dhiúltaigh an Irish Times an litir fháilteach, aibí seo a chuir i gcló. Chuir Gaelscéal i gcló í, fair plé dóibh! An taon nuachtán sa tír atá aibí! Féach leagan Gaelscéal anseo. Bíodh foighne agat – tógann sé 5 soicind chun lódáil, ach is fiú go mór é leis na maisíochtaí fuaime iontacha a chlois! Cur 18 isteach sa bhosca beag ag barr an leathanaigh ina bhfuil 1/40.

The Irish Times refused to publish this mature, looking-forward-and-forgetting-the-past, welcoming letter to the queen. Who is it who needs to grow up then? Fair play to the Irish language newspaper "Gaelscéal" who published it on Friday 13th (oops). The only bunch of people who are mature enough to know how to forget the past and look forward. For the printed version click here and enter "page 18" in the beautiful little black box showing 1/40. Be patient and wait the 5 seconds it takes to load! Listen to the fantabulous sound effects (preferably with ear phones). See the full Irish version and the full English version below.

____________________________

Haigh a Lizzie,

Ní thig liom a chréidiúnt nach mbeidh mé anseo nuair a thagann tú. Ar aon nós beidh an eochair faoin mhata. Bí ar do chompord!

Sílim in ndáiríre gur Ryanair an bealach is fearr. Tá fhios agam gur pian sa tóin atá ann corr uair, ach níl sé chomh holc sin leis an Stansted Express. Nuair a bhaineann tú BÁC amach, tá bus an tAirport Coach díreach taobh amuigh den doras. An rud is fusa ná sin a ghlacadh go dtí Bewleys Bhaile na Lobhar (€8) agus as sin faigh tacsaí anseo.

Tá go leor bia sa chuisneoir. Fiú amháin crúbóga portáin a fuair mé an uair dheireannach a bhí mé ins na Ceala Beaga. Tá fhios agam!!! Tá chuile rud istigh a bheas uait tá mé ag ceapadh. Rollaí leithris srl. Fuair mé cúpla buidéal vino dearg tí Aldi. Sure, má tá rud ar bith in easnamh tá an tollmhargadh díreach béal dorais.

Anways, níl ann ach fadhb bheag bhídeach amháin. Tá’s agat Josh agus a chuid ailléirgí? Bhuel, ní bheidh do chompánach beag ábalta ‘bheith istigh san árasán. Ach NBB, tá go leor spáis sa ghairdín. (Ní an príomh-aire! Nach tú atá greannmhar! Tá leaba champa sa chlóiséad faoin staighre dósan.)

Brón orm faoi sin, ach tá mé cinnte go maithfidh tú dom é nuair a fheiceann tú an geansaí Árainn a d’iarr mé ar Rosaleen Hegarty a dhéanamh dó! Chuaigh sí i dteagmháil le Kerry Woolen Mills agus d’iarr sí orthusan treabhsar beaga den bhréidín a dhéanamh dó fosta!!! (Ach níl mé cinnte caidé mar a obróidh sin amach. Do Chorgi like.) Agus tá Hanna Hats ag déanamh caipín beag bréidín.

Cén ceann atá tú a thabhairt leat ar aon nós? Emma, Linnet, Monty, Holly, Willow, Cider, Berry, Candy nó Vulcan? Cén ceann a, ehm, chaill tú an uair sin? Phaos nó Mummy nó rud éigin mar sin an ea?

Tá súl agam nach mbeidh an stumpa beag (b-róón orm!) chomh sotalach agus a bhí an bhaclóg Bhruiséile bheag sin a rinne mún ina fheisteas álainn siúd ar Lá Fhéile Pádraig.

Ar aon nós, bí cinnte nach dtugann tú an Dotty sin leat! Nó an Dottie atá uirthi? Níl sé tuillte ag geansaí Aráinn ar bith go mbeifí ag dul i bhfiáin leis. Bíodh baint aige leis an bhanphrionsa Áine nó ná bíodh! Beidh sí i gcró na madraí muna bhfuil sí curamach. An madra, ní Annie!

Aon nós, bhí ana-chraic againn sa Meyrick i nGaillimh ag an ócáid tiomsaithe airgid údaí do Khate agus Will. No a oinseach (díreach ag magadh a ghrá), bhí an tairgead a bhailliú do Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí. Tá fhios agam go mbeidh tú sásta sin a cloisteáil. Tar éis a rinne an friggin Dotty sin (arís!) ar na páistí bochta sin sa pháirc.

Agus muid ag caint faoin bhainis ríoga, nach iontach an mac mic sin Will? Dochreidte gur chur sé mí na meala ar ceall leis an sean daideo sin, Nick Barnett, a shamhailt. Nach bhfuil fhios againn uilig gur thit sé d’aon ghnó, mar a d’admhaigh a bhean chéile Philomena, díreach le go dtiocfadh Wills chun a tharrthála?

Bhuel , caithfidh mé rith. Cuir scairt nuair atá tú tuirlingthe. Bain sult as an seó! Caidé seo a deir sibhse i seoid s’agaibhse an Bhéarla? "It Ain't Over Till the Fat Lady Sings"!

Barróg mhór mhillteach,

Xxx
Aisling Ní Acamé

PS Chuir mé éadaí leapa úr-nite ar mo leaba. Le do thoilllll bí cúramach ar eagla go mbeidhfeá tú ag cur fuil shróine arís.
PPS Déan neamhaird den friggin Aindrias Ó Cathasaigh sin. (Sea, sea, an punc sin a thug íde na muc agus na madraí duit i nGaelscéal 1 Márta 2011). Gan trácht ar an friggin Nora Comiskey sin (yeah, san IT, 23 Aibreán). Club 1916-1921 an ea? Tá sé in am dóibh siúd fás suas agus aibiú!
PPPS Cén fáth a bhfuil mé á scríobh seo i nGaeilge Qhueenie? Sure nach bhfuil fhios againn uilig go maith go bhfuil tusa níos Gaelaí ná na buachaillí bó sin i dTeach Laighin?
PPPPS Bí ionraic leat féin. Nach raibh ruainnín beag bídeach féin d’éad ort nuair a chuala tú go raibh Ó Bama ag téacht anseo ar dtús???? Chalaque!
PPPPPS An sin an fáth ar ordaigh tú iPad? An ceart ar fad agat! Thig leisean a shean iPhod lofa a chuir suas a thóin!
PPPPPPS Ar eagla go bhfuil tú dubh dóite leis na himeachtaí atá a reáchtáil ag na boic sin san Áras duit ar an 17ú, cén fáth nach dtagann tú ar cuairt chugamsa anseo i Muineacháin? Bheadh sé tráthúil is dóiche.

No comments:

Post a Comment