Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

25 May 2011

Fear ag taisteal – go GÉAR! (686 focal)

Scríobh mo chomh-tuítire (nó mo chompánach tútach?), an scríbhneoir Thomas Gerhardt (@ThomasRHart) ar maidin: “The idea that narrowing your mind's vision makes you an "expert" at anything neglects that #common #sense itself is universal.” Béarla cliste tá mé cinnte, cé nach dtuigim focal de!

Aon nós, cuireann sé mo fhadhb i gcuimhne dom. Tá fear ag taisteal uaim! Go géar! Nó bean. Íosa Chríost, rith sé fiú liom triall a bhaint as mo mhamailíneach. Níor éirigh le sin, mar a chifeas tú!

Thoisigh mo fhadhb cúpla mí ó shin. Mo ghluaistean. Bhail níor thoisigh sé, a ba cheart dom a rá. Níor thoisigh sé achan uair ar aon nós. Corr uair thosódh sé. Corr uair ní thosódh. Toiseacht randamach mar dheá. Nó leath fhadhb má thuigeann tú leat mé. Níorbh fadhb ollmhór í, mar nach raibh mórán sriain ama orm le déanaí. DC* bhí mé ar shaoire shabóideach. Sea, idir phostanna. Bhuel idir chúrsa oiliúna agus phost. Saoire sheafóideach? Bíodh agat!

Níorbh cúis mhór bhróin dom fadhb an chairr. Bhail, chan go dtí lá an agallaimh ar aon nos. ‘Bhfeiceann tú, agus mé ar an ollscoil, ní raibh orm a bheith istigh go dtí a 10in. Agus sa tseans nach dtosódh an carr roimh am scoile, bhí mé in ann siúl ‘na scoile le mo pháiste.

Fuair mé amach luath go leor nár fhadhb chadhnra, ná fhadhb adhainte** a bhí i gceist. Fuair mé amach fosta go mbeinn togha ach mé a bheith foighneach agus tuisceanach. Thosódh sé achan uair i ndiaidh cúigear nó seisir d’iarrachtaí. Ar aon nós bhí mé ar an bhóthair i gcónaí ar a mhoille fá mo sheachtú dhícheall.

D’imigh mé liom mar seo ar feadh seachtainí sul a ndeachaigh mé chuig an garáiste. D’aontaigh an meicneoir liom ar an toirt nárbh ar an cadhnra ná ar an dúisire** a bhí an locht. Caidé bhí ann mar sin?

Mar a tharlaíonn sé, is é caidéal an umair breosla a bhí lochtach. Mise: “An fadhb mhór í sin?” Eisean: “Oh, fan bomaite go mbainfidh mé triall as rud éigin”. Mise: “Ceart go leor, ach bhail, tá sí ag imeacht inniu. Mar sin, ní bheidh tú ábalta rud ar bith..!” Eisean: Tabhair isteach chugam í an chéad heat*** eile nach dtosaíonn sí”. Mise: “Bhail, bheadh sin deacair! Muna dtosaíonn sí...” Eisean: “Oh, tá an ceart agat!”

Nach úsáideach atá an chiall cheannaigh agus tú ag plé le saineolaithe!

Le scéal gairid a dhéanamh de tharla mé lá ag an garáiste le peitreal a cheannach. Bhí an tinneall múchta. Caide tharla ach nach dtosódh an carr. Mo mhíle grá thú a chairrín! As go brách leis an meicneoir le meicneoir cúnta a fháil. Amach leis siúd le casúr ar láimh aige. Sea, CASÚR.

Luí sé síos ar an talamh agus thoisigh ag batráil an umair breosla. Umar breosla mo chairr-se! Le CASÚR! Fhad agus a bhí an meicneoir ag tiontú an eochrach! Bingó! Thoisigh sé! Bhail, nach sin cur chuige réiteach fadhbanna úr?!

Ach NACH BHFUIL an fhadhb réitithe! Ba bhreá liom thusa a fheiceáil ag tiontú eochrach do chairr, agus ag bualadh tailm air ag an am céanna! A Mhicí Glicí!

Tá fear ag taisteal uaim! Nó bean! Nó cibé! Chun caidéal an friggin umair breosla a bhualadh nuair atá mise ag tiontú an eochrach. Kinky!

Oh, rud amháin eile. Tabhair casúr leat, maith a fear/bhean/cibé.


Aisling Ní Acamé

PS Caide? An tagallamh sin? Och inseoidh mé duit faoi sin lá eile.

PPS Tá mé ag mionnú duit go raibh rudaí níos tábhachtaí agam le plé anseo inniu. Sea, cuairt na banríona (mo leithscéal, “Cuairt na Banríona Éilís II”), bás an Iar-Thaoisigh, an tUasal Garret Fitzgerald, teaghlach sínte Uí Bhama, díbirt Uí Chuív ón Dáil (nó “Díbirt an Chuíveannaigh”. Nach mbeadh sin ina ainm iontach ar thiúin!) (Fair plé dó ar aon nós – beocht sa deireadh sa Dáil!). Sea, sea, tuít amháin agus mé imigh le sruth! Brón orm!


Foclóir:
*DC – dee see – an bhfeiceann tú
** Tá fhios AGAM nach ionann an dúisire agus an adhaint. Saoirse fhileata a Ghlicí.
*** heat – babhta (i gcanúint Thír Chonaill)

No comments:

Post a Comment