Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

12 November 2012

RSVP nó LFF? Nó/Or "More German than the Germans" Nó/Or "Tips on how to keep your blood pressure down anyone?"

Aisling needs a great big fat M.Fing S.O.B RANT

Thart ar thrí mhí ó shin chuir mé aithne fhíorúil ar scríobhneoir amhrán/amhránaí. Bhí sé ar chamcuairt i Sasana agus i nÉireann le poiblíocht a dhéanamh dá dhlúthdhiosca nua. Chuir sé ceist an mbeadh suim ag éinne “Ceolchoirm Tigh” a eagrú ar a shon. Chuir mé rphost chuige láithreach ag rá go raibh mé ar bord, agus fáilte.

Tar éis dhá mhí de bheith ag scríobh rphostanna idir seo agus Shasana, agus thart ar mo chondae féin, d’éirigh liom trí cheolchoirm a eagrú. Ní raibh sé éasca, ach rinne mé go fonnmhar é, mar spraoí, dom féin.

Bíodh fhios agat gur seo an chéad uair ‘riamh dom Ceolchoirm Tigh a eagrú, cé gur rith sé liom leath uair a chloig ó shin gur sheinn mé féin ag Ceolchoirm Tigh i Méiriceá nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Ach mar a deir Aisling Ní Acamé go minic, beidh insint ar an scéal sin lá eile!

Aon nós, agus gan ach coicís fágtha roimh na gceolchoirmeacha, chuir mé 30 (tríocha) cuireadh chuig cairde liom, tré théacsanna gutháin agus/nó tré rphostanna – chuig daoine a bhfuil suim acu sa cheol, sa chultúr, sa teanga, san ól, sa bhia, sa chraic. Ina measc cuid *mhaith* daoine atá ag obair ins na healíona, ag teagasc faoi na healaíona, ag saothrú airgid tré a bheith ag “léachtóireacht” faoi a bheith ag obair ins na healaíona, ag saothrú airgid tré a bheith ag moladh de dhaoine dul ag obair i réimse na n-ealaíon, ag obair mar cheoltóirí, ag obair mar chumadóiri amhrán goddammit, ag *obair*. An dtuigeann tú?

Tá FREAGRA AMHÁIN faighte agam agus trí lá fágtha.

Céard sa diabhail atá CEARR le daoine???? Tá lagtrá eacnámaíochta ar siúl faoi láthair. Tá duine ag tabhairt ceoltóir ar aon chaighdéan le John Spillanne nó le Ger Wolfe s’againne chuig béal dhoras dhaoine. Níl aon taille isteach ach cuirfear hata thart ar an oíche. Amhlas dá mbeadhfeá ag siúl síos Sráid Ghrafton agus gur chuala tú ceoltóirí sráide – seans go dtabharfeá cúpla pingin dóibh nó nach dtabharfeá – ag brath go hiomlán ar an taitneamh a bhain tú as an rud, agus ar an méid a raibh sé de achmhainn agat a thabhairt mar shíntiús deonach.

Beidh smailc ar fáil ar an oíche ionas nach bhfuil daoine stiúcaithe leis an ocras. Mise a bhéas a dhéanamh. Go deonach. Go fonnmhar. Cé nar mhiste liom ag an nóimeid seo agus mé ar mire glán agus an brú fola ag ardú de réir na bfhocal, cé acu a mbeadh na sean bhithiúnaithe stiúcaithe leis an ocras nó nach mbeadh. An 29r eile sin nár bhac a dtónntaí ríoga le FREAGRA A CHUIR AR MO CHUIREADH atá i gceist agam. Ní thusa a JB.

Nó an é nar thuig siad an “RSVP” a chuir mé ag bun mo theachtaireachta? An chéad uair friggen eile is RSVFP a bhéas mé ag scríobh. Innit?

Binn béal ina thost mo friggin thóin!

Is breá liom na Gearmánaí. Cuireann tú ceist orthu as FREAGRAÍONN SIAD THÚ. An bhfuil sé ró-Ghearmánach agam a bheith ag súil nó ag dúil le FREAGRA??? Nó an é go bhfuil mé níos Gearmánaigh ná na Gearmánaí go díreach?

Aon nós, is BREÁ liom FREAGRA a fháil nuair a chuirim ceist. – Yes, no, maybe, f*** off! – Is CUMA liom cén fhreagra, ach FREAGRA!!! Ceapaim go bhfuil sé dí-bhéasach ag duine neamhaird a dhéanamh ar rud. Go háirithe ar rud chomh neamh-choitianta le seo. Ok, cuireadh chuig cóisir lá breithe – “been-there-done-that-beidh-na-céadta-duine-eile-ag-dul-agus-ní-aithneóidh-siad-fiú-amháin-muna-bhfreagráim”. Ach rud chomh neamh-choitianta le cumadóir amhrán proiféisiúnta ag teacht le ceolchoirm phríomhaideach a dhéanamh i dteach thíos a bothair uait!

Nuair atá an ceoltóir céanna chomh cliúteach (sa taobh seo den domhan) agus atá John Spillane nó Ger Wolfe, nó David Gray, is na gaigíní sráide beaga súracha céanna sin a bhéas ag cur freagra orm. Ach seans NACH IAD!!! Mar tá an-seans ann nach mbeidh mé ag cur cuiridh ar na puichíní beaga nimheanta!!!

Agus NÁ labhair liom faoin friggin reifreann sin nó caithfidh mé cloch leat!

Rant off. Today is the 12.11.12. I LOVE PALINDROMES!!!

Fáiltíonn Aisling Ní Acamé roimh cheartúchainn ar bhotúin litrithe nó ghramadaí nach bhfaca mé, SÍ. Agus roimh mholltaí leis an brú fola a choinneáil taobh istigh de theorainn shláintiúil. Laissez faire b’hféidir. Nó LLF – laissez f******* faire.

No comments:

Post a Comment