Cuardaigh focal G-B/Search words Irish-Eng

11 December 2011

Ag ligint Maidí le Sruth - letting dogs WHAT???????????

Ba mhaith liom cur in iúil do mo chuid leitheoiri dílse uilig (.i. duitse 'Mhamaí agus duitse 'Mho), go bhfuilim an-bhuartha as 'bheith ag ligint maidí le sruth* le tamaill anuas. Ó thús mhí Mhean an Fhomhair le bheith beacht.

Ní hé nach bhfuil mé ag iarraidh a bheith ag scríobh, ach sé díreach go bhfuil RUDAÍ NíOS TABHACHTAÍ le deanamh agam!

TÁ JOB NUA AGAM!!!!!!!!!!!!!!!! Tá mé chomh, chomh, chomh... Oh fán noiméid go bhfaighfidh mé mo leabhair nua seanfhocal (le Donla Uí Bhraonáin, {Fiontar, DCU, focal.ie srl}) atá scríofa i g4re theanga - Gaeilge, Béarla, Polainnis agus Spáinnis. 400 Seanfhocal!

Oh mo léan, cá bhfaighfidh mé an tám, idir mé a bheith ag obair óna 6rn go dtí 5.30in 5 lá na seachtaine chomh maith le bheith ag déanamh Ard Dioplóma pairtaimseartha, lena léamh. Fágfaidh mé sa tseomra folcha é agus tiocfaidh cúpla seanfhocal nua liom go rialta agus mé ag déanamh mo ghnóithe!

Ar aon nós, mar a deireann an seanfhocal clúiteach sin, nó an nath cainte atá ann?, a mhéid atá le déanamh agat, is mó ar féidir leat a dhéanamh. Fíor go hiomlán!


*ag ligint maidí le sruth - to neglect , LIT. letting the sticks flow with the current

Fáiltíonn Aisling roimh cheartúcháin ar a cuid Gaeilge!

2 comments:

aonghus said...

Tréaslaím do phost úr leat agus molaim duit luí isteach ar na maidí chun dul chun cinn a dhéanamh!

Mo said...

Hey Aisling, any chance of a translation? I'm dying to know what your talking about!

Post a Comment