Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

01 June 2011

Muineál Righin Platanaim gan Slis Cuimhne

D’fhán mé i mo shuí aréir go dtí 12:35 ar maidin mar go raibh mé, mar a dúirt mé libh inné, ag pléascadh le fáil amach caidé a bheadh le rá ag na cowboys (Oireachtas Report RTÉ 1, 11:30pm) faoin chlár Prime Time Investigates (RTÉ 1, Luan 30 Bealtaine, 9:30in).

Níor chóir dom bacadh!

Chuir Finian McGrath TD (Néamhspléach) in iúil do Enda Kenny gur shíl neart teaghlaigh nár cheap an Rialtas go raibh tábhacht le cás na gcúramóirí. Ní raibh “oiread agus TD amháin” sásta labhairt le Pat Kenny ar Frontline oíche Luain lena phlé, a dúirt sé.

Bhail ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm. Is ar éigean ar féidir iad a aimsiú i rith an lae mar a chítear ó na binsí folamha sin uilig! Agus ní ag caint ar na cúlbhinsí atá mé.

Lean McGrath ar aghaidh ag inse don Taoiseach faoi rang scoile amháin ina bhfuil 28 mbuachaill, dhá pháiste a bhfuil riachtanais speisialta orthu ina measc, maraon le páistí le fadhbanna iompraíochta. Gearradh uaireanta Cúntóra Riachtanas Speisialta orthu, agus gan acu anois ach sé huaire a chloig sa tseachtain.

Cosúil leis an tuít is coitianta inné sa tuítlann ar an ábhar #rtept (RTÉ Prime Time), má tá an scoil seo, nó ceann ar bith cosúil léi, lonnaithe i mBÁC 4, beidh mé ann láithreach le lámh cuidigh a thabhairt dóibh.

Ach bhí deáscéal ann freisin!

Ag caint dó fós le McGrath , dúirt an Taoiseach go dtabharfadh an Rialtas tosaíocht do dhaoine le Riachtanais Speisialta agus le míchumas intleachta agus go, oops, tá brón orm a léitheoir, ach caithfidh mé an sliocht seo a fhágáil i mBéarla. Ní thuigim i mBéarla é gan caint ar a bheith ag iarraidh a chur in iúil i nGaeilge.
... nuair a bheadh an “analysis of the comprehensive spending review is completed we will know the truth of the scale of the priority that can be accorded to any of these sectors”.

“The truth of the scale of the priority” an ea? An dtiocfadh leat sin a shoiléiriú le do thoill a Thaoisigh?

Sliocht an Lae:

Ag caint dó ar dhánacht Mhicil Martin a thóg ceist na síntiúis polaitíochta corparáide, dúirt Enda Kenny go glic “Bí ag caint ar mhuineál práis. Sin muineál righin platanaim gan slis cuimhne”.

Tá mé ag inse duit, bhfearr liom an chraic seo lá ar bith na bheith ag amharc ar “Friends”!

Agus ar deireadh:

Ag caint faoi na fíricí uafásacha a nochtadh ar an gclár Prime Time Investigates ar an Luan, dúirt Enda Kenny “ba bhreá liom dá mbeadh muid in ann na rudaí seo uilig a aisiompú thar oíche, ach ní féidir linn”. (Ní céard a Thaoisigh?)

Níl ach rud amháin ar féidir leis an Taoiseach a aisiompú thar oíche, agus sin... “Ní bheidh an dara tarrtháil de dhíth orainn i 2012”. Buíochas le Dia gur fhán mé i mo shuí i ndeireadh na ehm, dáileadh.

PS Caidé ‘tá Basil Brush ag déanamh sa Dáil?

1 comment:

Colm Ó Broin said...

An chéad uair eile a chloiseann tú tráchtaire éigin ag moladh an rialtais as na 'tough decisions' a dhéanamh cuimhnigh gur gearradh sheirbhísí riachtanacha mar seo atá i gceist acu.

Post a Comment