Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

11 June 2009

TINN TUIRSEACH

Tá ME TINN TUIRSEACH DE dhaoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi rudaí, ach nach ndéanann aon rud chun rudaí a athrú. Mar shampla daoine ag gearán faoin aimsir in áit éadaí uisce-dhionacha a chuir orthu agus dul amach ag feachaint cé chomh haoibhinn agus atá sé 'bheith amuigh ag siúl san fhearthainn. Nó daoine ag tabhairt amach faoi dhroch sheirbhís nó dhroch bheatha i mbialann, ach gan casaoid a dhéanamh faoi leis na páirtí caoi.

Agus tá mé tinn tuirseach dom féin ag tabhairt amach faoi dhaoine ag tabhairt amach faoi rudaí nach bhfuil siad ag dul a athrú, agus mé féin gan a bheith ag déanamh aon rud faoi. Bhail, seo chugaibh anois mé. (Agus má tá botún gramadaí ar bith anseo, cuirfear fáilte is fíche roimh ghearán chun go dtig liom é a athrú.) Tá abhar gearáin anois againn, muise by dad, i bhfianaise na gcinntí a foilsíodh le déanaí i dtuairisc an Bhreithimh Ryan. Agus seans againn rudaí a athrú, nó ar a laghad ár mbarúil a nochtadh faoi.

Le do thoill, cuir d'ainm leis an achainí ag iarraidh ar Rialtas na hÉireann gníomhú maidir le tuairisc an Bhreithimh Ryan.

"Is binn béal ina thost"? Is minic ciúin ciontach! “Silence is golden”? “Loose lips sink ships”? Well, let’s sink some ships goddammit.


I AM SICK OF Irish people complaining but not doing anything about whatever they're complaining about. Whether it is about bad food in a restaurant but not bringing the complaint to management or to someone who could make a change, or complaining about the weather but never going out walking with rain-proof clothes on, and enjoying the magic of a country road or a city street in the rain, never mind the feeling of empowerment gained therein.

And I’m sick of myself for complaining about people who complain, but never doing anything about it. That is, me not doing anything about it. So here it is. In light of the recent findings of the Ryan commission child abuse report, we now have something to complain about and a chance to make a change. Or at least, a chance to have our voices heard.

"Is binn béal ina thost"? Is minic ciúin ciontach! “Silence is golden”? “Loose lips sink ships”? Well, let’s sink some ships goddammit.


Please sign this petition asking the Government to take action regarding Ryan Report on Child Abuse.
Petition now closed


No comments:

Post a Comment