Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

AN CLÁR IS ÚIRE UAIM/My most recent RADIO SHOW

An CHÉAD AGALLAMH LIOM 'RIAMH ar an taobh seo den mhic/My FIRST EVER radio INTERVIEW as a DJ

trying to figure out how this works.... :-) (2ú Bealtaine 2024, 11:51) Going for imperfect action, rather than perfect inaction, as the man himself Mark Attwood would say. Got it! (16:00 - after dinner! Yum!)

15 May 2024

Rogha Bhríde ar Flirt FM 101.3 na Gaillimhe/Rogha Bhríde Radio Show 15th May 2024

Inniu in áit a bheith beo ar an aer le clár úr, agus in áit clár úr a thaifead sa bhaile agus a sheoladh isteach chuig Flirt FM na Gaillimhe, rinne muid athcraoladh ar chlár ón chartlann, agus ba é sin ná ar chlár a bhí ina cheol choirm a rinne mé leis an chlár sa "Cube" in Ollscoil na Gaillimhe i 2015 mar chuid de Fhéile Múscailt.

"Rogha Bhríde Beo - Ceol as Conamara" a thug mé ar an clár sin ag an am.
Ba iad mo chuid aíonna ná Batsheva Battu as Páras na Fraince/An Spidéal, Deirdre Nic Dhonncha as Cladhnach in aice leis an Cheathrú Rua (bhal, díreach trásna an droichead i ndiaidh "Tigh Khitt", áit ar bhuai mé le Deirdre don chéad uair thart ar 2011), agus Steve Sweeney as Dún na nGall (murach go raibh sé ag inse bréaga, agus measaim go raibh)/an Spidéal, agus mé féin ar an bhodhrán, an bhouzouki agus ag déanamh comhcheol le Batsheva agus le Deirdre ina gcuid amhrán.

Is rogha seort randamach a bhí ann pioctha ag muintir an raidió - is ceol choirm eile a bhí a chuardach agam, agus is seo an ceann a d'aimsigh siad, buíochas le Dia.

Beidh mé ag cur le seo níos moille le cóip den chlár agus cúpla grianghraf a glacadh ag an am, a bhuíochas le Fionnuala Gallagher, a bhí mar Oifigeach Ealaíona ar an Ollscoil ag an am.


Slán go fóillín, mar a deirtear i gConamara grá mo chróí

No comments:

Post a Comment